← Is iomaí sin insint atá againn ar "cad is cultúr ann" ach chun an chiall is leithne a chur air tagraíonn sé do nósanna maireachtála na ndaoine. 🔊
← Úsáidtear "Cultúr", le C mór, chun tagairt do nósanna atá inmhianaithe dar le lucht riartha nó ceannairí an phobail nó ceannairí na tíre - mar ba cheart gléasadh go foirmeálta ag Ascot, nó ag bainis, nó a leithéid eile; an saghas ceoil ar cheart duit suim a chur ann - ceol clasaiceach de ghnáth; na leabhair ba cheart a bheith léite ag an té atá léannta agus mar sin de. 🔊
← An rud atá i gceist anseo ná na nósanna maireachtála a bhí ag an uasal aicme sa ghlúin atá caite. 🔊
← Ar an láimh eile tagraíonn "cultúr" do ghnáthnósanna maireachtála atá ag formhór na ndaoine. 🔊
← Conas a théann siad i ngleic leis an saol, a slite beatha, a gcuid bia is deoch, éadaí, siamsaíocht, tithe, creideamh, oideachas, agus scolaíocht, agus a leithéid eile. 🔊
← Ar ndóigh, bíonn gach mórchultúr breac le fochultúir agus fo-fhochultúir go dtí go dtagann tú go dtí an teaghlach nó an duine aonair - ach san am céanna "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" mar a deir an seanfhocal agus ní bhíonn éinne beag beann ar an gcultúr ina bhfuil sé fréamhaithe. 🔊
← Is minic teannas idir na fochultúir éagsúla, iad ag baint na sál dá chéile lena chruthú gur acu féin atá an tsibhialtacht is fearr agus go bhfuil sé de cheart acu a bheith níos ardnósaí ná lucht an chultúir eile. 🔊
← Ní gá dúinn dul rófhada leis an scéal seo mar go bhfuil sé ríshoiléir timpeall orainn. 🔊
← Go bunúsach, is iad an timpeallacht agus an teanga an dá rud is mó a chruthaíonn agus a chothaíonn cultúr. 🔊
← Bhí tuairimí ann, cosúil le hipitéis Sapir-Whorf, a mhaígh go raibh tionchar ag struchtúir na teanga ar struchtúir na hintinne agus ar an gcultúr. 🔊
← Ar an láimh eile, d'fhéadfaí a mhaíomh gurb í an timpeallacht a mhúnlaíonn struchtúir na teanga. 🔊
← "Súil eile" an manna atá ag TG4.
← fuair sé bás (is rud ón taobh amuigh a thagann ort, é an bás) 🔊
← tá sí ag saothrú an bháis (an bás ag teacht ach ní thiocfaidh sé go dtí go mbeidh sí réidh) 🔊
← Ní hionann an réimse seimeantach atá ag focal mar "glas" sa Ghaeilge agus "green" i mBéarla - capall glas (grey), coinín glas (brown), bó ghlas, féar glas. 🔊
← Níl anseo ach samplaí beaga den tslí a tharraingíonn an teanga aird an duine ar ghnéithe difriúla den réalachas, más ann a leithéid. 🔊
← Nuair atá léargas coiteann ag pobal ar leith ar an saol is féidir a rá go bhfuil cultúr ar leith acu. 🔊
← Ba é an cultúr Gaelach ba threise suas go dtí an t-ochtú haois déag ach diaidh ar ndiaidh d'athraigh sé sin go dtí go raibh an chumhacht ar fad ag cainteoirí Béarla faoin 18ú aois. 🔊
← Le gluaiseacht an náisiúnachais b'fhacthas do chuid de na ceannairí go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid de chultúr na hÉireann. 🔊
← Le bunú an tSaorstáit, cuireadh an-bhéim ar athbheochan na Gaeilge agus ba é an aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge ná go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na tíre agus go dtógfadh sí áit an Bhéarla go hiomlán. 🔊
← Ar ndóigh, ní mar a shíltear a bhítear, agus lean na ceantair Ghaeltachta ag cúngú go dtí an lá atá inniu ann. 🔊
← Níor admhaigh mórán sa Phoblacht glan amach go raibh siad ina coinne ach san am céanna bhain an Béarla le rachmas agus an Ghaeilge le bochtanas. 🔊
← "Cén mhaitheas a dhéanfaidh an Ghaeilge duit ar an taobh eile den Spidéal?" 🔊
← Thuigfeá don bhfear sin mar ní raibh i ndán d'fhormhór na ndaoine óga ach an bád bán. 🔊
← Bhí "Éire Oifigiúil" lán i bhfábhar na Gaeilge le linn an ama sin. 🔊